Mise Gráinne Mise Gráinne

Mise Gráinne

    • $5.99

    • $5.99

Publisher Description

Is athinsint chumhachtach í Mise Gráinne ar scéal ón Fhiannaíocht le ceol nuachumtha a chuireann go mór le fonn éisteachta. Ar na haisteoirí a bhí páirteach i Mise Gráinne tá; Bríd Ní Neachtain, Dónall Ó Héalaí, Louis de Paor, Marcus Mac Conghail, Domhnall Ó Braonáin, Ciara Ní É, Aodh Ó Coileáin agus Darach Mac Con Iomaire. Closleabhar nua ceoil ar lipéad Gael Linn é Mise Gráinne scríofa ag Louis de Paor agus an ceol le Dana Lyn. Tá Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne ar cheann de na scéalta miotais is aitheanta san Fhiannaíocht leis na céadta bliain. Is maith mar sin go bhfuil an leagan nua seo ar fáil atá scríofa ag údar den chaighdeán is fearr, le ceol ó chumadóir ardchumais atá inste ag plúr na n-aisteoirí. Is saibhre éigse na hÉireann anois agus Mise Gráinne ar fáil ar an dóigh ealaíonta seo. Tá íomhá leis an ealaíontóir Rita Duffy, Solitary Forest, in úsáid don chlosleabhar seo.

GENRE
Fiction
NARRATOR
BNN
Bríd Ní Neachtain
LANGUAGE
GA
Irish
LENGTH
00:41
hr min
RELEASED
2024
October 26
PUBLISHER
Gael Linn
SIZE
42
MB