Bunú Dhoire
Miotas & Finscéalta Cholm Cille
Publisher Description
“A Choilm, is leatsa seo uilig.”
“I ndáiríre?”
Bhí an Rí agus Colm Cille ina seasamh ar chnoc ag amharc amach thar Abhainn an Fheabhail agus ar chnoic Thír Chonaill ar a chúl sin.
“Bhuel, b’fhéidir nach leat é uilig – ach an bhfeiceann tú an doire sin – ar an talamh thall i lár na habhann? Ba mhaith liom sin a thabhairt duit le mainistir a chur ar bun. Ba mhaith liom go ndéanfá an áit seo, Doire Chalgaigh, naofa, le go dtiocfaidh oilithrigh ó áiteanna eile i bhfad ar shiúl.”
Arna churtha le chéile ag CCEA i gcomhpháirt le Nerve Centre agus an Culture Company.