Ceol Baile Ceol Baile

Ceol Baile

    • $3.99
    • $3.99

Publisher Description

Tá Ceol Baile lán de cheol agus de bhaile: ceol raidió, ceol cathrach, ceol cóisire, rapcheol, ceol na bhfocal, agus an ceol is na hamhráin a bhaintear as an saol.
Tá sé lán de bhaile an linbh agus an tuismitheora, baile na samhlaíochta, bailte in Éirinn agus sa Spás, baile an ghrá, baile an dúnmharaithe, agus an bus abhaile.
Ach níl ansin ach blaiseadh den saol atá á shealbhú anseo. Tá an-ghealladh go deo faoin scríbhneoir seo, agus cuireann sé é féin in iúl le stíl shoiléir sholéite. Tá úire, téagar agus greann ag baint le dánta is amhráin Ceol Baile.

Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air cois reilige is ea Marcus Mac Conghail. Ní rothaíonn sé chun na hoibre gach lá. Tá saothar leis foilsithe agus craolta in áiteanna éagsúla, ach is é seo an chéad leabhar uaidh. Tá an-tóir ar a bhlag, agus is gairid go mbeidh albam dá chuid amhrán á thaifeadadh aige.

GENRE
Fiction & Literature
RELEASED
2014
April 22
LANGUAGE
GA
Irish
LENGTH
20
Pages
PUBLISHER
Marcus Mac Conghail
SELLER
Draft2Digital, LLC
SIZE
250
KB