Giglets as Gaeilge Mac Bheatha Giglets as Gaeilge Mac Bheatha

Giglets as Gaeilge Mac Bheatha

Curtha in oiriúint ó chlasaic William Shakespeare

Publisher Description

Leabhair chlasaiceacha; leabhair cháiliúla agus leabhair a ndearnadh dearmad orthu. Is iad sin na leabhair a chuireann Giglets SmartReads in oiriúint agus a athchóiríonn siad do léitheoirí an 21ú haois.  Cé gur sárlitríocht í an litríocht chlasaiceach, go minic bíonn baic idir í agus na léitheoirí.  Is deacair do léitheoirí an lae inniu dóthain ama a bheith acu chun scéalta taitneamhacha a roghnú agus chun tuiscint a bheith acu ar theanga a scríobhadh na blianta, nó fiú na céadta bliain ó shin.  Sáraíonn Giglets réimse mór de na baic seo agus cuireann siad téacsanna clasaiceacha ar fáil do léitheoirí nua – páistí, déagóirí agus daoine fásta.

Foilsíonn Giglets scéalta atá saibhir ó thaobh ábhair de, ach is leaganacha gairide simplí iad agus is furasta do léitheoirí óga an teanga léamh.  Tá sé mar chuspóir ag Giglets léitheoirí a chur i dteagmháil leis na scéalta agus leis na pearsana atá fite fuaite i gcultúr na linne seo.  Is féidir leabhar Giglets a léamh taobh istigh de 20 nóiméad agus fós beidh blas den litríocht chlasaiceach ag an léitheoir.  Cuireann leabhair Giglets béim ar na rudaí is fearr i scéalta a bhfuil gean ag léitheoirí orthu le blianta: na buaicphointí, na heachtraí agus an spraoi, chomh maith leis na carachtair agus na radhairc a bhfuil cuimhne ag na léitheoirí orthu.  Úsáideann Giglets modh cáiliúil chun scripteanna a scríobh agus cuireann sé é i bhfeidhm ar sheanscéalta chun leaganacha Giglets de na seanchlasaicí a chruthú.

Mar bharr ar an scéal, tá gach leabhar maisithe chun béim a chur ar phríomhradhairc an scéil.  Mar gheall air seo tá an scéal níos tarraingtí agus is fearr a fhanfaidh sé i gcuimhne an léitheora.  Tá sé i gceist againn amach anseo rudaí breise, m.sh. beochan, a chur leis na scéalta chun cuspóirí oideachais agus suilt a fhorbairt. 

Is é aidhm Giglets siamsa agus saoithiúlacht ar ard-chaighdeán a chur ar fáil.  Tá súil againn go spreagfaidh siad suim sa léitheoireacht, go leathnóidh siad eolas ar an litríocht chlasaiceach chuig lucht léite leathan na linne seo, agus go ndéanfaimid ár gcuid chun litearthacht a fheabhsú. 

  • GENRE
    Reference
    RELEASED
    2013
    October 17
    LANGUAGE
    GA
    Irish
    LENGTH
    80
    Pages
    PUBLISHER
    Giglets
    SELLER
    Giglets Limited
    SIZE
    28.7
    MB

    More Books by Giglets

    SmartReads British Goblins Welsh Folklore, Fairytales and Legends SmartReads British Goblins Welsh Folklore, Fairytales and Legends
    2012
    Ayrshire's Famous People Ayrshire's Famous People
    2013
    Giglets as Gaeilge Mac Bheatha - Leagan Ultach Giglets as Gaeilge Mac Bheatha - Leagan Ultach
    2013
    Gaidhlig Eilean an Ionmhais Gaidhlig Eilean an Ionmhais
    2012
    Macbeth Giglets yn Gymraeg Macbeth Giglets yn Gymraeg
    2013
    Giglets ann an Gaidhlig Na Trì Mucan Beaga Giglets ann an Gaidhlig Na Trì Mucan Beaga
    2015

    Customers Also Bought

    Filíocht Filíocht
    2015
    Seanfhocail na Gaeilge Seanfhocail na Gaeilge
    2017
    Colm Cille agus Scéal Ollphéist Loch Nis Colm Cille agus Scéal Ollphéist Loch Nis
    2013
    Scéal 1916 Scéal 1916
    2016
    Obair Allamuigh Tíreolaíochta - An Costa Obair Allamuigh Tíreolaíochta - An Costa
    2013
    Obair Allamuigh Tíreolaíochta - An Abhainn Obair Allamuigh Tíreolaíochta - An Abhainn
    2013